Saturday, January 30, 2010

Gaeilge

Maidin grianmhar,
Maidin fuar.
Croi doracha,
Anam ur.
Scaoil amach
port mo ghluin,
Scaoil amach
mo nadur fior.
Seol chugham
teanga ildaite mo chroi-
ni bheinn in ann
labhairt ach i.

Gach Maidin ,
Gach Oiche.
Gach bualadh mo chroi,
ag labhairt as Gaeilge.

Rithimi aoibhinne An Riordanach
Ag lea gach uile imni,
Tagann mearanna na bhfocail
timpeall mo chliabh,
ag muirneis mo craiceann collai.

Maidin Ghrianmhar
Maidin fuar,
Eirionn an ghrian
san Oirthear.
Eirionn m'anam ur.

Saturday, January 9, 2010

Maidin Gheimhridh

Preachan sa bhfuacht.
Preachan lonnaithe ar geag bog, ar crann lom.
Spideog ag eisteacht liom
Maidin Gheimhridh
Spideog ag lorg bia
Maidin Gheimridh
Spideog as druid nios congrai
Maidin Gheimhridh
Spideog glan gleire
ag lorg bia

Chaitheas an aran ar an bhfear go curamach, seimh
'S d'eitilt se thar an gclai gan bia no greine.
'S shuigh me sios, le ceol naofa i mo chluais
'S an ghrian ag pleascadh on dion aniar.

Do thosaigh na deora ag titm go mall,
'S d'fhan siad go neata ar mo fabhrai
Do bhi scail an Diaga i mo deora,
suilinigeal ag muirneis mo fabhrai,
'S duirt Iosa liom,
Taim ionat, i do dheora, do chroi, d'anam 's do bheocht.

Do bhfacathas Iosa, ,maidin Gheimhridh.

Monday, May 4, 2009

Grá

Grá

Ná habair
Ná labhair
Beir greim tocht
Ar an draíocht-
Gan é a sheachaint
De shíor!

Tábhairneoir Corcaíoch

Tábhairneoir Corcaíoch

Fear mór aosta-
Droim chrochtadh ‘s
Súile casta ‘s a
Cheann ceanníseal.
Aghaidh bán gránna-
Neamhbheo
Mar aon le
Púca I limbo,
Ag foluain,
Ag feitheamh,
Le faoiseamh na bhFlaitheas.

A Dhia 01-03-'09

A Dhia

Oscail mo chroí a Dhia
Sín chugham do lámh a Dhia.
Cá bhfuil mo mhisneach a Dhia?
Tá na cloig ag bualadh-
Rithimí do thoilí
Tá na héin ag canadh-
Port do gcroí.
Ta na géaga ag damhsa
Le fuaim na maidine
‘S tá gach rud ag gluaiseacht
Gan stad, gan staonadh.

Oscail mo chroí a Dhia,
Sín chugham do lámh a Dhia
Bris an falla ionam
S’ beir greim tocht orm.

Tá mo láimhe tirim
‘s mo craiceann ghonta.

Oscail mo chroí a Dhia
Sín chugham do lámh,
a Dhia!