Saturday, June 12, 2010

The Blackbird

Even in sorrow I see
Hope among the trees
The Blackbirds don't stop
The Blackbirds dont stop
They sing their sweet song.

Do tháinig an lon dubh maidin stoirmúil
Ag briseadh an lae tríd foréigean an ghaoth
Shéid sí go bródúil a ghuth bánúil.
Na scamaill ag scaoileadh 'urchar Dé
Na mílte piléar ag clagarnaigh in aghaidh mo fuinneoga.
B'é lámh ró-mhór Dé
Á crith gach uile rud
Seachain
An Lon dubh.

Even in sorrow I see
Hope among the trees
The Blackbirds don't stop
The Blackbirds don't stop
They sing their sweet song.

Saturday, March 13, 2010

Sunday, March 7, 2010

Coimhea

Chuir an ghrian a cheann ar piluir na gcnoic i bfhad i gcein.
D'fhag si rian ban bandearg 's beag beaganin splanctha d'oraiste in a dhiaidh, ag lea fuacht na speire.
Bhi na crainn chomh dubh le gual.
Bhi an cosan 's na sceacha 's an fear ban ban ban.
An abhainn le mo hais, einin ag damhsa ar an talamh taobh thiar dhom, ag leanuint fuaim mo chosa.
Gan choinne, d'eitlit an t-einin soineanta go sciobtha.
D'ardaigh mo chluasa agus tharraing mo shuile soir.
Na milte preachan ag eitilt go dti an bhforais dhorcha.
Preachan callanach.
Na milte sciathain ag eitlit ag an am gceanna.

Dhruid mo radharc siar aris.

Ceann na greine i bhfolach 's rian a chorp sa speir.
Corp ban bandearg le splanctha oraiste mar aon le geaga dreoite.

Do bhi a fhios acu go leir gur am leaba e?
N'fheadar cad a rinneadar san bhforais dhorcha tar eis dul fe na greine.

Saturday, February 6, 2010

Saturday, January 30, 2010

Gaeilge

Maidin grianmhar,
Maidin fuar.
Croi doracha,
Anam ur.
Scaoil amach
port mo ghluin,
Scaoil amach
mo nadur fior.
Seol chugham
teanga ildaite mo chroi-
ni bheinn in ann
labhairt ach i.

Gach Maidin ,
Gach Oiche.
Gach bualadh mo chroi,
ag labhairt as Gaeilge.

Rithimi aoibhinne An Riordanach
Ag lea gach uile imni,
Tagann mearanna na bhfocail
timpeall mo chliabh,
ag muirneis mo craiceann collai.

Maidin Ghrianmhar
Maidin fuar,
Eirionn an ghrian
san Oirthear.
Eirionn m'anam ur.

Saturday, January 9, 2010

Maidin Gheimhridh

Preachan sa bhfuacht.
Preachan lonnaithe ar geag bog, ar crann lom.
Spideog ag eisteacht liom
Maidin Gheimhridh
Spideog ag lorg bia
Maidin Gheimridh
Spideog as druid nios congrai
Maidin Gheimhridh
Spideog glan gleire
ag lorg bia

Chaitheas an aran ar an bhfear go curamach, seimh
'S d'eitilt se thar an gclai gan bia no greine.
'S shuigh me sios, le ceol naofa i mo chluais
'S an ghrian ag pleascadh on dion aniar.

Do thosaigh na deora ag titm go mall,
'S d'fhan siad go neata ar mo fabhrai
Do bhi scail an Diaga i mo deora,
suilinigeal ag muirneis mo fabhrai,
'S duirt Iosa liom,
Taim ionat, i do dheora, do chroi, d'anam 's do bheocht.

Do bhfacathas Iosa, ,maidin Gheimhridh.

Monday, May 4, 2009

Grá

Grá

Ná habair
Ná labhair
Beir greim tocht
Ar an draíocht-
Gan é a sheachaint
De shíor!